IDL Logo

Ionaid IDL na hÉireann

  Gaeilge | English   





Ionaid an IDL
Faoin IDL
Fúinn-ne
Faoin Disléicse
Teangmháil
Bheith i do Theagascóir
Sampla IDL

 

typing

Fadhbanna leis an léitheoireacht agus leis an litriú?

Cabhróidh IDL leat!

Is prógram é INDIRECT DYSLEXIA LEARNING "Léann Indíreach na Disléicse", nó IDL, chun cabhrú le leanaí agus le daoine fásta go bhfuil fadhbanna foghlama acu. Is córas ceachtanna é IDL, a bhaineann úsáid as céadfaí éagsúla, a bhíonn á úsáid ar an ríomhaire, agus a bhíonn á stiúrú ag teagascóir. Agus tá sé ar fáil go gairid duit féin i nÉirinn!

  • LÉANN - ní clár múinteoireachta é seo, ach clár foghlama
  • INDÍREACH - ní leis an teagascóir a bhíonn an scoláire ag plé, ach leis an ríomhaire
  • DISLÉICSE - sé sin le rá, "deacrachtaí le focail" An tOllamh Berlin ó Stuttgart 1883
Tá sé cruthaithe go gcabhraíonn córas an IDL le deacrachtaí éagsúla foghlama, mar atá

 Foghlaim go mall
 Fadhbanna le próiseáil agus le comhordnú
 A.D.D. agus A.D.H.D.
 An Siondróm Scotópach / Siondróm Irlen
 An Diospraicse
 An Disléicse
Tá an córas tar éis cabhrú chomh maith le deacrachtaí sa léitheoireacht agus sa litriú i gcás  a leithéidí seo de scoláirí

 Scoláirí leis an Uathachas (Autism)
 Scoláirí le Siondróm Down

Nóta: Tá córas an IDL dírithe ar fheabhas a chothú i scileanna na léitheoireachta agus na litrithe as Béarla. Táthar ag féachaint ar an gceist pé acu an bhféadfaí a leithéid de chóras a fhorbairt do na scileanna céanna as Gaeilge, ach níl an taighde bunúsach sna fadhbanna foghlama a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge ann go fóill.