Bheith i do Theagascóir
Tá deiseanna á chur ar fáil ag Ionaid IDL na hÉireann chun gnó beag de do chuid féin a thosnú, mar táimid ag leathnú amach gréasán na n-ionad atá againn ar fud na tíre. D'fhéadfadh teagascóir IDL oibriú ag baile nó ó oifig áitiúil lonnaithe sa phobal. Is saincheadúnas nó franchise é IDL, a chuireann ar fáil an t-ábhar riachtanach ar fad, an traenáil, comhairle tosaigh agus tacaíocht leanúnach.
- B'fhéidir go bhfuil aithne agat ar leanbh nó ar dhuine fásta a bhainfeadh leas as a leithéid seo de chabhair, nó b'fhéidir go bhfuil leanbh dá leithéid agat féin
- B'fhéidir go bhfuil athrú á lorg agat i saol na hoibre
- B'fhéidir go bhfuil tú dífhostaithe agus ag lorg slite nua chun úsáid a bhaint as do chuid scileanna
Níor mhór duit caighdeán maith Béarla a bheith agat, agus caithfidh an fhoighne agus an tuiscint a bheith agat chun cabhrú le daoine go bhfuil fadhbanna foghlama acu na fadhbanna sin a shárú agus a bpoitéinseal a bhaint amach.
Beidh na nithe seo leanas ag teastáil ó Ionaid IDL na hÉireann: Foirm Iarratais (líonta isteach), C.V., agus Ráiteas Seiceála ó na Gardaí nó ó Bhiúró na gCuntas Coiriúla (Criminal Records Bureau).
Má tá suim agat ina leithéid de dheis, ba bhreá linn é a phlé leat.
Ann Fitzgerald agus Paul Eglington
Ionaid an IDL
An Cúilín, An Daingean, Contae Chiarraí
Fón : 00353 (0)66 9150843