Faoin Disléicse
An bhrí shimplí atá le 'disléicse' ná 'deacracht le focail'
▪ dis a chiallaíonn 'deacracht'
▪ léicse a chiallaíonn 'focail'
Tá an téarma seo á úsáid le breis is 100 bliain. Sa bhliain 1978, tugadh isteach an téarma 'Deacracht Áirithe Foghlama', a chlúdódh an léamh, an litriú, an mata, agus aon ábhar eile a bheadh le foghlaim. Clúdaíonn sé an disléicse chomh maith.
Tá roinnt sórtanna difriúla disléicse ann
- Diosphóinéiteach – fadhbanna leis an éisteacht agus leis an urlabhra
- Diséidéiteach – fadhbanna leis an radharc
- Ailéicseach – fadhbanna leis an dá chóras
D'fhéadfadh baint a bheith ag an disléicse le fadhbanna iompair ar nós Neamhord Easnamh na hAire (ADD) nó an Diospraicse; tá taighde ann a léiríonn go soiléir go mbíonn ceangal go minic idir fadhbanna léitheoireachta agus fadhbanna iompair.
Léiríonn an taighde gurb é an tslí is fearr chun díriú ar fhadhbanna léitheoireachta ná le cur chuige struchtúrtha carnaithe a bhaineann úsáid as na céadfaí éagsúla i n-éineacht. Is córas so-lúbtha il-chéadfach é an IDL ina gcuirtear na ceachtanna i n-oiriúint do riachtanaisí an scoláire aonair. An bhun-fhealsúnacht atá laistiar de ná go gcaithfidh an prógram a bheith oiriúnach don scoláire, seachas an tslí eile timpeall.
"Ní haon mhíniú é an Disléicse, ach ainm. An bhrí dhíreach atá leis an bhfocal Disléicse ná gan a bheith ábalta léamh. Is minic a deirtear 'disléicseach' le leanaí go mbíonn deacrachtaí sa léitheoireacht acu, ach ní hamhlaidh a bhíonn na fadhbanna sin acu toisc go bhfuilid disléicseach, nó toisc go bhfuil an disléicse orthu; tá siad disléicseach toisc nach féidir leo léamh. Is mar a chéile a rá nach féidir le duine léamh toisc go bhfuil sé disléicseach agus a rá nach féidir le duine siúl toisc go bhfuil sé bacach. Bhíomair go léir disléicseach tráth dá raibh, agus bímíd disléicseach arís gach aon uair a chuirtear rud éigin romhainn nach féidir linn a léamh." Frank Smith, 'Reading' (1985 Cambridge University Press. ISBN 9780521312851)