Fadhbanna leis an léitheoireacht agus leis an litriú?
Cabhróidh IDL leat!
Is prógram é INDIRECT DYSLEXIA LEARNING "Léann Indíreach na Disléicse", nó IDL, chun cabhrú le leanaí agus le daoine fásta go bhfuil fadhbanna foghlama acu. Is córas ceachtanna é IDL, a bhaineann úsáid as céadfaí éagsúla, a bhíonn á úsáid ar an ríomhaire, agus a bhíonn á stiúrú ag teagascóir. Agus tá sé ar fáil go gairid duit féin i nÉirinn!
- LÉANN - ní clár múinteoireachta é seo, ach clár foghlama
- INDÍREACH - ní leis an teagascóir a bhíonn an scoláire ag plé, ach leis an ríomhaire
- DISLÉICSE - sé sin le rá, "deacrachtaí le focail" An tOllamh Berlin ó Stuttgart 1883
Tá sé cruthaithe go gcabhraíonn córas an IDL le deacrachtaí éagsúla foghlama, mar atá
▪ Foghlaim go mall
▪ Fadhbanna le próiseáil agus le comhordnú
▪ A.D.D. agus A.D.H.D.
▪ An Siondróm Scotópach / Siondróm Irlen
▪ An Diospraicse
▪ An Disléicse
Tá an córas tar éis cabhrú chomh maith le deacrachtaí sa léitheoireacht agus sa litriú i gcás a leithéidí seo de scoláirí
- Scoláirí leis an Uathachas (Autism)
- Scoláirí le Siondróm Down
Nóta: Tá córas an IDL dírithe ar fheabhas a chothú i scileanna na léitheoireachta agus na litrithe as Béarla. Táthar ag féachaint ar an gceist pé acu an bhféadfaí a leithéid de chóras a fhorbairt do na scileanna céanna as Gaeilge, ach níl an taighde bunúsach sna fadhbanna foghlama a bhaineann go sainiúil leis an nGaeilge ann go fóill.