IDL LOGO

 Gaeilge | English   

Ionaid IDL na hÉireann             

 

Fúinn-ne

Chuir Ann Fitzgerald agus Paul Eglington tús le Ionaid IDL na hÉireann sa bhliain 2003 nuair a chonaictheas dóibh go n-oibrigh an córas go han-mhaith do chairde leo. Tar éis dóibh córas an IDL a úsáid ar feadh téarma amháin, agus ón uair gur chuaigh na torthaí chomh mór sin i bhfeidhm orthu, bheartaíodar traenáil mar theagascóirí a fháil agus ionad dá gcuid féin a oscailt sa Daingean, i gCo. Chiarraí. Tá réimse leathan taithí acu a théann chun leas IDL.

Is as Ceann Toirc i gContae Chorcaí d'Ann. Tá ceathrar clainne aici agus tá seisear clainne ag a clann. Tá obair déanta aici mar oifigeach lasmuigh i seirbhísí sláinte na hinchinne, agus mar chleachtóir i gcúrsaí an leigheas nádúrtha.

Is as an mBreatain Bheag do Phaul. Is múinteoir cáilithe é, agus tá blianta tugtha aige ag obair le ríomhairí sa tsaol corpráideach.

D'éirigh chomh maith sin leis an Ionad a osclaíodar, agus bhí na torthaí a bhí á fháil acu chomh maith sin, gur bheartaíodar a thuilleadh traenála a dhéanamh, chun go bhféadfaidís Ionaid IDL na hÉireann a oscailt, mar a dtugann siad traenáil agus ceadúnasú do theagascóirí IDL eile.


Deartha ag Clear Blue View