IDL LOGO

 Gaeilge | English   

Ionaid IDL na hÉireann             

 

Faoin IDL

Is grúpa taighde san oideachas, Starcross Educational Research, a fhorbair IDL an chéad lá go luath sna 1980í i n-iardheisceart Shasana. Is leis an gcomhlacht Centra Education and Training (U.K.) anois é.

Más maith leat sampla den IDL a fheiscint ag obair (as Béarla), lean an nasc seo go dtí suíomh Centra Education and Training

Is le measúnacht a thosaíonn IDL, chun "aois" (nó leibhéal) léitheoireachta agus "aois" litrithe an scoláire a mheas, agus chun aon fhadhbanna ar leith a aithint. úsáidimid tástáil dathanna chomh maith, ón uair gur fhusa do scoláirí áirithe an chodarsnacht idir na litreacha agus an cúlra a aithint má úsáidtear dathanna áirithe, faoi mar a bhíonn ag an Siondróm Scotópach or Siondróm Irlen. Ní hamhlaidh a chuireann IDL roimhe diagnóis a dhéanamh, is amhlaidh a dhíríonn sé ar fhadhbanna áirithe leis an léitheoireacht agus leis an litriú.

Deineann an scoláire freastal ar feadh uair an chloig, dhá uair sa tseachtain, thar thréimhse trí mhí. Baineann IDL úsáid as plean de cheachtanna indibhidiúla, agus as "touch typing", agus bíonn an rud ar fad á stiúrú ag teagascóir. Cloiseann na scoláirí focal ar leith agus cíonn siad ar an scáileán é. Ansin típeálann siad féin an focal, agus cuireann siad le chéile script do réir a chéile. Ansin léann siad an script os ard, agus cloiseann siad taifead dóibh féin ina dhiaidh sin.

An Chúis go nÉiríonn leis an IDL

  • Leis an IDL, faigheann na scoláirí teagasc indibhidiúil agus oibríonn siad do réir a bplean féin ceachtanna.
  • Níl aon bhrú ama ann, bíonn gach scoláire ag obair do réir a ráta féin.
  • Ní thugann an IDL ach spreagadh dearfach do na scoláirí.
  • Ní bhíonn aon obair bhreise le déanamh idir na ceachtanna.

Ag deireadh na ráithe, deintear ath-mheasúnú ar an scoláire chun an dul chun cinn a thomhas. Is gnách go léiríonn na torthaí sin dul cun cinn sé mhí ar a laghad, agus oiread le dhá mhí dhéag go minic. Leanann na scoláirí orthu ar feadh téarmaí ráithe eile do réir mar a bhíonn gá acu leis.

Torthaí an IDL

  Feabhas a fhéadfaí a thomhas sa léitheoireacht agus sa litriú
  Feabhas ar chumas na scoláirí díriú ar a gcuid oibre
  Feabhas ar mheas na scoláirí orthu féin
  Laghdú sa bhfrustrachas, feabhas ar an iompar
  Forbairt an chruinnis ag úsáid chlár na gcnaipí
  Feabhas ar an bpeannaireacht
  Feabhas ar fhadbhanna áirithe urlabhra
  Bíonn na torthaí seo buan


Deartha ag Clear Blue View